| Version 1 | Version 2 |
| Ní bhfuighe mise bás
duit, | Ní bhfáigh mise bás duit. |
| a bhean úd an chuirp mar ghéis; | A bhean úd an chuirp mar ghéis, |
| daoine leamha ar mharbhais riamh, | Daoine leamha do mharbhais riamh |
| ní hionann iad is mé féin. | Ní h-ionann iad a's mé féin. |
|
|
| Créad umá rachainn-se d'éag | Créad fáth rachainn d'éug |
| don bhéal dearg, don dád mar bhláth? | Don ghob dhearg, do'n deud mar bhláth? |
| an crobh míolla, an t-ucht mar aol, | An cruth mhíonla, an t-ucht mar ghéis, |
| an dáibh do-gheabhainn féin bás? | An dóibh súd gheobhainn féin bás? |
|
|
| Do mhéin aobhdha, th'aigneadh saor, | Na chíocha corra, an cneas úr, |
| a bhas thana, a thaobh mar chuip, | Na ghruadha corcra, an chúl fiar |
| a rosg gorm, a brágha bhán, -- | Go deimhin ní bhfuighead-sa bás |
| ní bhfuighe mise bás duit. | Dóibh súd, go mbudh áill le Dia. |
|
|
| Do chíocha corra, a chneas úr, | Do mhalaí caola, d'fholt mar ór, |
| do ghruaidh chorcra, do chúl fiar, -- | Do rún geanmnaidhe, do ghlór leasg, |
| go deimhin ní bhfuighead bás | Do shál chruinn, do cholpa réidh |
| dóibh sin go madh háil le Dia. | Ní mharbhfaidh siad acht duine leamh. |
|
|
| Do mhala chaol, t'fholt mar ór, | Do mhéin aobh, d'aigne saor, |
| do rún geanmnaidh, do ghlór leasg, | Do bhos tana, do thaobh mar chuip, |
| do shál chruinn, do cholpa réidh, -- | Do rosg gorm, do brághad bhán, |
| ní mhuirbhfeadh siad acht duine leamh. | Ní bhfuigh mise bás duit |
|
|
| A bhean úd an chuirp mar ghéis, | A bhean úd an chuirp mar ghéis, |
| do hoileadh mé ag duine glic; | Do h-oileadh mé ag duine glic; |
| aithne dhamh mar bhíd na mná; | A bhos thana, a bhráighe bháin |
| ní bhfuighe mise bás duit! | Ní bhfáigh mise bás duit. |
| |
|
|
| from Dánta Grádha: an
anthology of Irish Love Poetry (A.D. 1350-1750), 2nd edition, ed.
Thomas F. O'Rahilly (Dublin and Cork: Cork University Press, 1926), first
published 1916. |
from Ábhráin Ghrádha Chúige
Chonnacht [Love Songs of Connacht], ed. Douglas Hyde (Dublin, 1950),
Irish version, first published 1931; English edition first published
1893. |